search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: '   i' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index    i:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

    ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas    i:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1700

 

Airteagal 1

Ábhar

1.   is é is aidhm don Rialachán seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha trí rialacha comhchuibhithe a leagan amach do thimpeallacht ar líne atá sábháilte, intuartha agus iontaofa lena n-éascaítear nuálaíocht, agus ina ndéantar cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt, lena n-áirítear prionsabal na cosanta tomhaltóirí, a chosaint go héifeachtach.

2.   Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh aonair. Bunaítear leis, go háirithe:

(a)

creat i gcomhair díolúine choinníollach ó dhliteanas soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha;

(b)

rialacha maidir le hoibleagáidí sonracha an díchill chuí arna gcur in oiriúint do chatagóirí sonracha soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha;

(c)

rialacha maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le comhar agus comhordú idir na húdaráis inniúla.

Airteagal 4

‘Cainéal fórach’

1.   i gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas i leith na faisnéise a tharchuirtear, nó a fhaightear rochtain uirthi, ar choinníoll:

(a)

nach dtionscnaíonn an soláthraí an tarchur;

(b)

nach roghnaíonn an soláthraí faighteoir an tarchuir; agus

(c)

nach roghnaíonn ná nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis atá sa tarchur.

2.   Áireofar leis na gníomhartha tarchuir agus soláthair rochtana dá dtagraítear i mír 1 stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus neamhbhuan na faisnéise arna tarchur a mhéid a tharlaíonn sé seo chun críche aonair an tarchur a dhéanamh sa líonra cumarsáide, agus ar choinníoll nach stóráiltear an fhaisnéis ar feadh aon tréimhse nach faide ná mar is gá go réasúnach don tarchur.

3.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córas dlí Ballstáit, éileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc.

Airteagal 5

‘Taisceadh’

1.   i gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus sealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla nó níos sláine, ar choinníoll go ndeánann an soláthraí an méid seo a leanas:

(a)

nach modhnaíonn sé an fhaisnéis;

(b)

go gcloíonn sé le coinníollacha maidir le rochtain na faisnéise;

(c)

go gcloíonn sé leis na rialacha maidir le nuashonrú na faisnéise, a shonraítear ar bhealach a aithnítear go forleathan agus a úsáideann an tionscal;

(d)

nach gcuireann sé isteach ar úsáid dhleathach na teicneolaíochta, a aithnítear go forleathan agus a úsáideann an tionscal, chun sonraí a fháil maidir le húsáid na faisnéise; agus

(e)

go ngníomhaíonn sé go pras chun an fhaisnéis atá stóráilte aige a bhaint nó a dhíchumasú tráth a fhaigheann sé eolas iarbhír gur baineadh an fhaisnéis ag foinse tosaigh an tarchuir den líonra, nó gur díchumasaíodh rochtain ar an bhfaisnéis sin, nó gur ordaigh údarás breithiúnach nó riaracháin an bhaint nó an díchumasú sin.

2.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córas dlí Ballstáit, éileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc.

Airteagal 6

Óstáil

1.   i gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá inti stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas as an bhfaisnéis a stóráiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil eolas iarbhír ag an soláthraí ar ghníomhaíocht neamhdhleathach nó inneachar neamhdhleathach agus, a mhéid a bhaineann le héilimh ar dhamáistí, nach bhfuil sé ar an eolas faoi fhíorais nó cúinsí ónar léir an ghníomhaíocht neamhdhleathach nó an t-inneachar neamhdhleathach; nó

(b)

nuair a fhaigheann an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht sin, go bhfeidhmíonn sé go tapa chun rochtain ar an inneachar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina bhfuil faighteoir na seirbhíse ag feidhmiú faoi údarás nó smacht an tsoláthraí.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an dliteanas faoi dhlí um chosaint tomhaltóirí na n-ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, i gcás ina gcuireann ardán ar líne den sórt sin an mhír shonrach faisnéise i láthair nó ina gcumasaíonn sé ar bhealach eile an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach a thabharfadh le fios do ghnáth-thomhaltóir go bhfuil an fhaisnéis, nó an táirge nó an tseirbhís is ábhar don idirbheart, á soláthar ag an ardán ar líne féin nó ag faighteoir na seirbhíse atá ag feidhmiú faoina údarás nó faoina smacht.

4.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córas dlí Ballstáit, éileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc.

Airteagal 12

Pointí teagmhala d’fhaighteoirí na seirbhíse

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair chun a chur ar chumas fhaighteoirí na seirbhíse cumarsáid a dhéanamh leo go díreach agus go tapa, trí mhodhanna leictreonacha agus ar bhealach soláimhsithe, lena n-áirítear trí chead a thabhairt d’fhaighteoirí na seirbhíse na modhanna cumarsáide a roghnú, nach mbeidh ag brath ar uirlisí uathoibrithe amháin.

2.   i dteannta na n-oibleagáidí dá bhforáiltear faoi Threoir 2000/31/CE, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an fhaisnéis ar fáil go poiblí, faisnéis is gá d’fhaighteoirí na seirbhíse chun a bpointí teagmhála aonair a shainaithint agus cumarsáid a dhéanamh leo gan stró. Beidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus coinneofar cothrom le dáta í.

Airteagal 14

Téarmaí agus coinníollacha

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faisnéis san áireamh maidir le haon srianta a fhorchuireann siad i ndáil leis an úsáid a bhaineann siad as an tseirbhís i leith faisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse, ina dtéarmaí agus coinníollacha. Áireofar ar an bhfaisnéis sin faisnéis maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna, mar aon le rialacha nós imeachta a gcórais inmheánaigh um láimhseáil gearán. Leagfar amach í i dteanga atá soiléir, simplí, intuigthe, soláimhsithe agus gan débhrí, agus beidh sí ar fáil go poiblí i bhformáid atá inrochtana go héasca agus inléite ag meaisín.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoirí na seirbhíse ar an eolas maidir le haon athrú suntasach ar na téarmaí agus na coinníollacha.

3.   i gcás ina bhfuil seirbhís idirghabhálach dírithe go príomha ar mhionaoisigh nó inarb iad an dream is mó a bhíonn á húsáid, míneoidh soláthraí na seirbhíse idirghabhálaí sin na coinníollacha maidir le húsáid na seirbhíse, agus aon srianta maidir léi ar bhealach a d’fhéadfadh mionaoisigh a thuiscint.

4   Feidhmeoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar bhealach dícheallach, oibiachtúil agus comhréireach chun na srianta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus aird chuí ar chearta agus leasanna dlisteanacha gach páirtí lena mbaineann, lena n-áirítear na cearta bunúsacha maidir le faighteoirí na seirbhíse, amhail saoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse agus iolrachas na meán, agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile, mar a chumhdaítear sa Chairt.

5.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne achoimre ghearr, a bheidh inrochtana go héasca, agus inléite ag meaisín, ar na téarmaí agus na coinníollacha d’fhaighteoirí seirbhísí, lena n-áirítear leigheasanna agus sásraí sásaimh atá ar fáil, i dteanga atá soiléir agus gan débhrí.

6.   Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne, de réir bhrí Airteagal 33, a dtéarmaí agus a gcoinníollacha a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla na mBallstát uile ina dtairgeann siad a seirbhísí.

Airteagal 16

Sásraí fógra agus gnímh

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála sásraí i bhfeidhm chun ceadú d’aon duine aonair nó eintiteas iad a chur ar an eolas go bhfuil míreanna sonracha faisnéise a mheasann an duine aonair nó an t-eintiteas a bheith ina inneachar neamhdhleathach ar a seirbhís. Beidh na sásraí sin éasca le rochtain agus furasta a úsáid, agus ba cheart go gceadódh siad fógraí a chur isteach trí mheán leictreonach amháin.

2.   Leis na sásraí dá dtagraítear i mír 1, is fusa a bheidh sé fógraí a bheidh beacht a ndóthain agus a mbeidh bunús leordhóthanach leo a thíolacadh. Chuige sin, glacfaidh soláthraithe seirbhísí óstála na bearta is gá chun cur isteach fógraí ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ar fad a chumasú agus a éascú:

(a)

míniú a bhfuil bunús leordhóthanach leis ar na cúiseanna go líomhnaíonn an duine aonair nó an t-eintiteas gur inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis atá i gceist;

(b)

léiriú soiléir de láthair bheacht leictreonach na faisnéise sin, amhail an URL beacht nó URLanna beachta, agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise a chumasaíonn sainaithint an inneachair neamhdhleathaigh arna chur in oiriúint do chineál an inneachair agus do chineál sonrach na seirbhíse óstála;

(c)

ainm agus seoladh ríomhphoist an duine aonair nó an eintitis a bhfuil an fógra á chur isteach aige, seachas i gcás faisnéis a meastar go mbaineann ceann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2011/93/AE léi;

(d)

ráiteas ina ndeimhnítear go gcreideann an duine aonair nó an t-eintiteas a bhfuil an fógra á chur isteach aige de mheon bona fide go bhfuil an fhaisnéis agus na líomhaintí atá ann beacht agus iomlán.

3.   Measfar go n-eascróidh eolas nó feasacht iarbhír chun críocha Airteagal 6 i leith na míre faisnéise sonraí lena mbaineann, agus leis sin amháin, as fógraí dá dtagraítear san Airteagal seo, nuair is féidir leis an soláthraí seirbhíse óstála nádúr neamhdhleathach an inneachair a shainaithint go ríshoiléir i gcás ina gceadaíonn siad do sholáthraí dícheallach seirbhísí óstála neamhdhleathacht na gníomhaíochta nó na faisnéise ábhartha a shainaithint gan mionscrúdú dlíthiúil a dhéanamh.

4.   i gcás ina bhfuil faisnéis teagmhála leictreonach an duine aonair nó an eintitis a thíolaic é san fhógra, seolfaidh an soláthraí seirbhísí óstála admháil deimhnithe gan moill mhíchuí maidir leis an bhfógra chuig an duine aonair nó an t-eintiteas sin.

5.   Tabharfaidh an soláthraí fógra freisin, gan moill mhíchuí, don duine aonair nó don eintiteas sin i leith na faisnéise lena mbaineann an fógra, ag soláthar faisnéise maidir leis na féidearthachtaí sásaimh i leith an chinnidh sin.

6.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála aon fhógraí a fhaigheann siad faoi na sásraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil agus déanfaidh siad a gcinntí i leith na faisnéise lena mbaineann na fógraí, ar bhealach tráthúil, dícheallach, neamhthreallach agus oibiachtúil. I gcás ina n-úsáideann siad modh uathoibrithe don phróiseáil nó don chinnteoireacht sin, áireofar iontu faisnéis maidir leis an úsáid sin san fhógra dá dtagraítear i mír 5.

Airteagal 18

Fógra i ndáil le hamhras faoi chionta coiriúla

1.   i gcás ina dtugann soláthraí seirbhísí óstála faoi deara go bhfuil aon fhaisnéis is siocair le hamhras gur tharla cion coiriúil lenar bhain bagairt do bheatha nó do shábháilteacht duine nó daoine, nó go bhfuil cion den sórt sin ag tarlú nó gur dóigh go dtarlóidh sé, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí nó bhreithiúnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoina amhras agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile.

2.   i gcás nach féidir le soláthraí seirbhísí óstála an Ballstát lena mbaineann a shainaithint le deimhneacht réasúnta, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil a ionadaí dlí ina chónaí nó bunaithe ar an eolas nó cuirfidh sé Europol ar an eolas, nó iad araon.

Chun críche an Airteagail seo, is éard a bheidh sa Bhallstát lena mbaineann ná an Ballstát a bhfuil amhras gur tharla an cion ann, go bhfuil an cion ag tarlú ann nó gur dóchúil gur ann a tharlóidh an cion, nó an Ballstát ina bhfuil an duine atá faoi amhras ina chónaí nó lonnaithe, nó an Ballstát ina bhfuil íospartach an chiona amhrasta ina chónaí nó lonnaithe.

ROINN 3

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

Airteagal 22

Comharthóirí iontaofa

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go dtugtar tosaíocht le fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.

2.   Bronnfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas na “gcomharthóra iontaofa” faoin Rialachán seo, ar iarratas ó aon eintiteas, ar iarratasóir a léirigh go gcomhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun críocha inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith;

(b)

tá sé neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne;

(c)

tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach go dícheallach, go beacht agus go hoibiachtúil.

3.   Foilseoidh comharthóirí iontaofa tuarascálacha mionsonraithe atá intuigthe, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar fhógraí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 le linn na tréimhse ábhartha. Liostófar sa tuarascáil, ar a laghad, líon na bhfógraí arna n-aicmiú de réir an mhéid seo a leanas:

(a)

céannacht sholáthraí na seirbhísí óstála;

(b)

an cineál inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach ar tugadh fógra ina leith;

(c)

an ghníomhaíocht a rinne an soláthraí.

Áireofar sna tuarascálacha sin míniú ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoinneoidh an comharthóir iontaofa a neamhspleáchas i gcónaí.

Seolfaidh comharthóirí iontaofa na tuarascálacha sin chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an bhronnta, agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sna tuarascálacha sin.

4.   Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha in iúl don Choimisiún ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 nó iad siúd ar chuir siad a stádas mar chomharthóir iontaofa ar fionraí 6 nó ar chúlghairm siad a stádas mar chomharthóir iontaofa i gcomhréir le mír 7.

5.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, i bhformáid éasca le rochtain agus inléite ag meaisín, agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta.

6.   i gcás ina bhfuil faisnéis ag soláthraí ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht, cruinn ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán trí na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 20(4), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. Ar an bhfaisnéis sin a fháil ó sholáthraí ardán ar líne agus má mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha go bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann imscrúdú a chur ar bun, cuirfear stádas an chomharthóra iontaofa ar fionraí le linn thréimhse an imscrúdaithe. Déanfar an t-imscrúdú sin gan moill mhíchuí.

7.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir soláthraí ardán ar líne ar fáil de bhun mhír 6, nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint, i gcás inar gá, chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhíreanna 2, 6 agus 7.

Airteagal 27

Trédhearcacht córas moltaí

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne a úsáideann córais moltaí, a leagan amach ina dtéarmaí agus coinníollacha, i bhfriotal simplí agus intuigthe, na príomhpharaiméadair a úsáidtear ina gcórais moltaí, mar aon le haon roghanna atá ann d’fhaighteoirí na seirbhíse chun na príomhpharaiméadair sin a leasú nó tionchar a imirt orthu.

2.   Míneofar sna príomhpharaiméadair dá dtagraítear i mír 1 an fáth a moltar faisnéis áirithe d’fhaighteoir na seirbhíse. Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)

na critéir is suntasaí i dtaca le cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a mholtar d’fhaighteoir na seirbhíse;

(b)

na cúiseanna le tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin;

3.   i gcás ina bhfuil roinnt roghanna ar fáil de bhun mhír 1 le haghaidh córais moltaí lena gcinntear ord coibhneasta na faisnéise arna cur i láthair d’fhaighteoirí na seirbhíse, cuirfidh soláthraithe ardán ar líne feidhmiúlacht ar fáil a ligeann d’fhaighteoir na seirbhíse a rogha thosaíochta a roghnú agus a mhodhnú tráth ar bith. Beidh rochtain dhíreach éasca ar an bhfeidhmiúlacht sin ón roinn shonrach de chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ina gcuirtear an fhaisnéis in ord tosaíochta.

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   i gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

7.   Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 36

Sásra freagartha ar ghéarchéimeanna

1.   i gcás ina dtarlaíonn géarchéim, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar mholadh ón mBord, cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar cheann amháin nó níos mó de na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú a dhéanamh ar cibé a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn feidhmiú agus úsáid na seirbhísí go suntasach, agus más ea, a mhéid a rannchuidíonn feidhmiú agus úsáid na seirbhísí go suntasach, nó an dóchúlacht go rannchuideoidís, le bagairt dháiríre dá dtagraítear i mír 2;

(b)

bearta sonracha, éifeachtacha agus comhréireacha a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, amhail ceann ar bith díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 35(1) nó in Airteagal 48(2), chun aon rannchuidiú den sórt sin leis an mbagairt thromchúiseach arna sainaithint de bhun phointe (a) den mhír seo a chosc, a dhíothú nó a theorannú;

(c)

tuairisciú don Choimisiún faoi dháta áirithe nó ag eatraimh rialta a shonrófar sa chinneadh, maidir leis na measúnuithe dá dtagraítear i bpointe (a), leis an inneachar beacht, cur chun feidhme agus tionchar cáilíochtúil agus cainníochtúil na mbeart sonrach a rinneadh de bhun phointe (b) agus aon saincheist eile a bhaineann leis na measúnuithe nó na bearta sin, mar a shonraítear sa chinneadh.

Agus bearta á sainaithint agus á gcur i bhfeidhm de bhun phointe (b) den mhír seo, tabharfaidh an soláthraí nó na soláthraithe seirbhíse aird chuí ar thromchúis na bagartha tromchúisí dá dtagraítear i mír 2, ar phráinn na mbeart agus ar na himpleachtaí iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mainneofaí leis na bearta na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú.

2.   Chun críche an Airteagail seo, measfar go bhfuil géarchéim ann i gcás ina bhfuil cúinsí urghnácha ina gcúis le bagairt thromchúiseach don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas nó i gcodanna suntasacha de.

3.   Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

go mbeidh géarghá agus údar leis na gníomhaíochtaí arna n-éileamh leis an gcinneadh agus go mbeidh siad comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar thromchúis na bagartha tromchúisí dá dtagraítear i mír 2, ar phráinn na mbeart agus ar na himpleachtaí iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mainneofaí na bearta na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú;

(b)

go sonrófar tréimhse réasúnta sa chinneadh ina ndéanfar bearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, ag féachaint, go háirithe, do phráinn na mbeart sin agus don am a bheidh ag teastáil chun iad a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c)

go mbeidh na gníomhaíochtaí a cheanglaítear leis an gcinneadh teoranta do thréimhse nach faide ná 3 mhí.

4.   Tar éis dó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, na bearta seo a leanas:

(a)

fógra faoin gcinneadh a thabhairt don soláthraí nó do na soláthraithe a bhfuil an cinneadh dírithe orthu;

(b)

an cinneadh a chur ar fáil go poiblí; agus

(c)

an cinneadh a chur in iúl don Bhord, a iarraidh air a thuairimí ina leith a chur isteach, agus é a choimeád ar an eolas maidir le haon fhorbairtí a dhéanfar ina dhiaidh sin a bhaineann leis an gcinneadh.

5.   Maidir le rogha na mbeart sonrach a bheidh le déanamh de bhun phointe (b) de mhír 1, agus an dara fomhír de mhír 7, fanfaidh sé ag an soláthraí nó ag na soláthraithe a ndíreofar orthu leis an gcinneadh ón gCoimisiún.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don soláthraí, dul i mbun idirphlé leis an soláthraí chun a chinneadh, i bhfianaise imthosca sonracha an tsoláthraí, cibé atá nó nach bhfuil na bearta beartaithe nó curtha chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, éifeachtach agus comhréireach chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach. Go háirithe, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh na bearta arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhíse faoi phointe (b) de mhír 1, na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 3.

7.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna nglacadh de bhun an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin agus ar bhonn aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a fhéadfaidh sé a iarraidh de bhun Airteagal 40 nó Airteagal 67, agus éabhlóid na géarchéime á cur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú rialta don Bhord maidir leis an bhfaireachán sin, ar bhonn míosúil ar a laghad.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil na bearta sonracha atá beartaithe nó curtha chun feidhme de bhun phointe (b) de mhír 1 éifeachtach nó comhréireach, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an soláthraí athbhreithniú a dhéanamh ar shainaithint nó cur i bhfeidhm na mbeart sonrach sin.

8.   i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise fhorbairt na géarchéime, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó de réir mholadh an Bhoird, an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 7, an dara fomhír, a leasú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an cinneadh a chúlghairm agus, i gcás inarb iomchuí, a cheangal ar an ardán an-mhór ar líne nó ar inneall cuardaigh an-mhór ar líne scor de na bearta a shainaithnítear agus a chuirtear chun feidhme de bhun phointe (b) de mhír 1, nó de bhun an dara fomhír de mhír 7, a chur i bhfeidhm a thuilleadh, go háirithe i gcás nach ann do na forais dá bhfuil na bearta sin ann a thuilleadh;

(b)

síneadh nach faide ná 3 mhí a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3;

(c)

an taithí a fuarthas agus na bearta á gcur i bhfeidhm a chur san áireamh, go háirithe mainneachtain fhéidearthach na mbeart na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú.

9.   Beidh feidhm ag ceanglais mhíreanna 1 go 6 maidir leis an gcinneadh agus leis an leasú air dá dtagraítear san Airteagal seo.

10.   Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar mholadh an Bhoird arna eisiúint de bhun an Airteagail seo.

11.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil tar éis cinntí a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus ar aon chuma, 3 mhí tar éis dheireadh na géarchéime maidir le cur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna nglacadh de bhun na gcinntí sin.

Airteagal 37

Iniúchóireacht neamhspleách

1.   Beidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line faoi réir, ar a gcostas féin agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, iniúchtaí neamhspleácha chun comhlíonadh na nithe seo a leanas a mheas:

(a)

na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III;

(b)

aon ghealltanais a glacadh de bhun na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 46 agus na bprótacal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 48.

2.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line an comhar agus an cúnamh is gá a chur ar fáil do na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí de bhun an Airteagail seo ionas go mbeidh siad in ann na hiniúchtaí sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus tráthúil, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt dóibh ar na sonraí agus ar na háitribh ábhartha uile agus trí cheisteanna ó bhéal nó i scríbhinn a fhreagairt. Staonfaidh siad ó bhac a chur ar fheidhmíocht na hiniúchóireachta, ó thionchar míchuí a imirt uirthi nó ón mbonn a bhaint uaithi.

Áiritheoidh iniúchtaí den sórt sin rúndacht leormhaith agus rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an bhfaisnéis arna fáil ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ó sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus ó thríú páirtithe i gcomhthéacs na n-iniúchtaí, lena n-áirítear tar éis fhoirceannadh na n-iniúchtaí. Ní dhéanfaidh comhlíonadh an cheanglais sin dochar d’fheidhmiú na n-iniúchtaí ná d’fhorálacha eile an Rialacháin seo, áfach, go háirithe na forálacha a bhaineann le trédhearcacht, maoirseacht agus forfheidhmiú. I gcás inar gá chun críche tuairiscithe trédhearcachta de bhun Airteagal 42(4), beidh leaganacha nach bhfuil aon fhaisnéis iontu a mheas go réasúnta gur faisnéis rúnda í ag gabhail leis an tuarascáil iniúchóireachta agus an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 6 den Airteagal.

3.   Maidir leis na hiniúchtaí a dhéanfar de bhun mhír 1, is eagraíochtaí a mbaineann na nithe seo a leanas leo a dhéanfaidh iad:

(a)

tá siad neamhspleách ar sholáthraí -ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus ar aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin, agus níl coinbhleachtaí leasa acu leo; go háirithe:

(i)

níor sholáthair siad seirbhísí neamh-iniúchóireachta a bhaineann leis na hábhair a ndearnadh iniúchadh orthu do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann agus d’aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin sa tréimhse 12 mhí roimh thús an iniúchta agus tá gealltanas tugtha acu gan seirbhísí den sórt sin a sholáthar, sa tréimhse 12 mhí tar éis an t-iniúchadh a chur i gcrích;

(ii)

níor sholáthair siad seirbhísí iniúchóireachta de bhun an Airteagail seo do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann, agus d’aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin le linn tréimhse is faide ná 10 mbliana i ndiaidh a chéile;

(iii)

níl siad ag déanamh an iniúchta do tháillí atá ag brath ar thoradh an iniúchta;

(b)

tá saineolas cruthaithe i réimse na bainistíochta riosca agus inniúlacht agus cumais theicniúla acu;

(c)

tá oibiachtúlacht agus eitic ghairmiúil cruthaithe acu, bunaithe go háirithe ar chóid chleachtais nó ar chaighdeáin iomchuí a chomhlíonadh.

4.   Áiritheoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line gurb iad na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí tuarascáil iniúchóireachta le haghaidh gach iniúchta. Beidh bunús, i scríbhinn, leis an tuarascáil sin agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad inti:

(a)

ainm, seoladh agus pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line atá faoi réir an iniúchta agus an tréimhse a chumhdaítear;

(b)

ainm agus seoladh na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí atá ag tabhairt faoin iniúchadh;

(c)

dearbhú leasanna;

(d)

tuairisc ar na gnéithe sonracha ar a ndearnadh iniúchadh, agus an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm;

(e)

tuairisc agus achoimre ar na príomhthorthaí a tháinig chun cinn san iniúchadh;

(f)

liosta de na tríú páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo mar chuid den iniúchadh;

(g)

tuairim iniúchóireachta ar cibé a chomhlíon nó nár chomhlíon soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann na hoibleagáidí agus na gealltanais dá dtagraítear i mír 1, eadhon “tuairim dhearfach”, “tuairim dhearfach le barúlacha” nó “tuairim dhiúltach”;

(h)

i gcás nach bhfuil an tuairim iniúchóireachta “dearfach”, moltaí oibríochtúla ar bhearta sonracha chun comhlíontacht a bhaint amach agus an tréimhse ama a mholtar chun comhlíontacht a bhaint amach.

5.   i gcás nach raibh an eagraíocht a dhéanann an t-iniúchadh in ann iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe sonracha áirithe ná tuairim iniúchóireachta a chur in iúl bunaithe ar a himscrúduithe, beidh míniú sa tuarascáil iniúchóireachta ar na himthosca agus na cúiseanna nach bhféadfaí na gnéithe sin a iniúchadh.

6.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line a fhaigheann tuarascáil iniúchóireachta nach bhfuil dearfach aird chuí ar na moltaí oibríochtúla atá dírithe orthu d’fhonn na bearta iomchuí a ghlacadh chun iad a chur chun feidhme. Glacfaidh siad, laistigh de mhí amháin ó na moltaí sin a fháil, tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta ina leagfar na bearta sin amach. I gcás nach gcuirfidh siad na moltaí oibríochtúla chun feidhme, tabharfaidh siad údar leis na cúiseanna a bhí acu gan iad a chur chun feidhme sa tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta agus le haon bhearta malartacha a ghlac siad chun dul i ngleic le haon chásanna neamhchomhlíonta sainaitheanta.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha is gá a leagan síos chun na hiniúchtaí a dhéanamh de bhun an Airteagail seo, go háirithe maidir leis na rialacha is gá i ndáil leis na céimeanna nós imeachta, na modheolaíochtaí iniúchóireachta agus na teimpléid tuairiscithe le haghaidh na n-iniúchtaí a dhéantar de bhun an Airteagail seo. Cuirfear san áireamh aon chaighdeáin iniúchóireachta dheonacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (e), sna gníomhartha tarmligthe sin.

Airteagal 42

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta

1.   Foilseoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 15 ar a dhéanaí faoi 2 mhí ón dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 33(6), agus gach sé mhí ina dhiaidh sin ar a laghad.

2.   Sonrófar an méid seo a leanas sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna bhfoilsiú ag soláthraithe ardán an-mhór ar líne, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 24(1):

(a)

na hacmhainní daonna a thiomnaíonn an soláthraí ardán an-mhór ar líne do mhodhnóireacht inneachair i ndáil leis an tseirbhís a thairgtear san Aontas, arna miondealú de réir gach teanga oifigiúil is infheidhme de chuid na mBallstát, lena n-áirítear chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16 agus 22 a chomhlíonadh, agus chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 20 a chomhlíonadh;

(b)

cáilíochtaí agus saineolas teanga na ndaoine a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), chomh maith leis an oiliúint agus an tacaíocht a thugtar don fhoireann sin;

(c)

na táscairí cruinnis agus an fhaisnéis ghaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (e), arna miondealú de réir gach teanga oifigiúil de chuid na mBallstát .

Foilseofar na tuarascálacha i dteanga oifigiúil amháin de theangacha oifigiúla na mBallstát ar a laghad.

3.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 24(2), áireoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne faisnéis sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le meánfhaighteoirí míosúla na seirbhíse i ngach Ballstát.

4.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na nithe seo a leanas a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, gan moill mhíchuí ar a dtabhairt i gcrích, agus cuirfidh siad ar fail go poiblí iad, 3 mhí ar a dhéanaí tar éis gach tuarascáil iniúchóireachta a fháil de bhun Airteagal 37(4):

(a)

tuarascáil ina leagtar amach torthaí an mheasúnaithe riosca de bhun Airteagal 34;

(b)

na bearta maolaithe sonracha a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 35(1);

(c)

an tuarascáil iniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 37(4);

(d)

an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 37(6);

(e)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na comhairliúcháin arna ndéanamh ag an soláthraí chun tacú leis na measúnuithe riosca agus dearadh na mbeart maolaithe riosca.

5.   i gcás ina measann soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne go bhféadfaí faisnéis rúnda an tsoláthraí sin nó fhaighteoirí na seirbhíse a nochtadh mar thoradh ar fhoilsiú faisnéise de bhun mhír 4, nó go bhféadadh sé a bheith ina chúis le leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse, go bhféadfaí an bonn a bhaint ón tslándáil phoiblí dá thoradh, nó go bhféadadh sé díobháil a dhéanamh d’fhaighteoirí, féadfaidh an soláthraí an fhaisnéis sin a bhaint as na tuarascálacha atá ar fáil go poiblí. I gcás mar sin, tarchuirfidh an soláthraí na tuarascálacha iomlána chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, agus beidh ráiteas faoi na cúiseanna ar baineadh an fhaisnéis as na tuarascálacha atá ar fáil go poiblí ag gabháil leo.

Airteagal 43

Táille mhaoirseachta

1.   Gearrfaidh an Coimisiún táille bhliantúil mhaoirseachta ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne as iad a ainmniú de bhun Airteagal 33.

2.   Le méid foriomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla, cumhdófar na costais mheasta a thabhóidh an Coimisiún i ndáil lena chúraimí maoirseachta faoin Rialachán seo, go háirithe costais a bhaineann leis an ainmniú de bhun Airteagal 33, le bunú, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí de bhun Airteagal 24(5) agus leis an gcóras comhroinnte faisnéise de bhun Airteagal 85, le tarchuir de bhun Airteagal 59, le tacú leis an mBord de bhun Airteagal 62 agus leis na cúraimí maoirseachta de bhun Airteagal 56 agus Roinn 4 de Chaibidil IV.

3.   Déanfar táille mhaoirseachta bliantúil a ghearradh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line as gach seirbhís ar ainmníodh iad ina leith de bhun Airteagal 33.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar méid na táille maoirseachta bliantúla i ndáil le gach soláthraí ardán an-mhór ar líne nó gach soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm agus urramóidh sé na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 87, lena leagfar síos an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na nósanna imeachta maidir le:

(a)

ríomh na gcostas measta dá dtagraítear i mír 2;

(b)

ríomh na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair dá dtagraítear i mír 5, pointí (b) agus (c);

(c)

cinneadh na huasteorann foriomláine arna sainiú i mír 5, pointe (c); agus

(d)

na socruithe mionsonraithe is gá chun íocaíochta a dhéanamh.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, urramóidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo.

5.   Déanfar na prionsabail seo a leanas a urramú leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4:

(a)

go gcuireann an meastachán ar mhéid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla na costais arna dtabhú sa bhliain roimhe sin san áireamh;

(b)

go bhfuil an táille mhaoirseachta bhliantúil comhréireach leis an líon meánfhaighteoirí gníomhacha míosúla san Aontas de chuid gach ardáin an-mhór ar líne nó gach inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna ainmniú de bhun Airteagal 33;

(c)

i gcás ar bith, nach bhfuil méid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla a ghearrtar ar sholáthraí áirithe ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí áirithe innill cuardaigh an-mhór os cionn 0,05 % dá ghlanioncam bliantúil domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin.

6.   is éard a bheidh sna táillí maoirseachta bliantúla aonair a ghearrfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo ná ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41).

7.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le méid foriomlán na gcostas arna dtabhú chun na cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair a gearradh sa bhliain roimhe sin.

ROINN 6

Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

Airteagal 45

Cóid Iompair

1.   Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair deonach ar leibhéal an Aontais chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, ag cur na ndúshlán sonrach a bhaineann le dul i ngleic le cineálacha éagsúla inneachair neamhdhleathaigh agus rioscaí sistéamacha, i gcomhréir le dlí an Aontais, san áireamh, go háirithe maidir le hiomaíocht agus sonraí pearsanta a chosaint.

2.   i gcás ina dtagann riosca sistéamach suntasach de réir bhrí Airteagal 34(1) chun cinn agus go mbaineann sé le roinnt ardán an-mhór ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne, féadfaidh am Coimisiún iarraidh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus, ar sholáthraithe eile ardán an-mhór ar líne, ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, ardán ar líne agus seirbhísí idirghabhálacha eile, de réir mar is iomchuí, mar aon le húdaráis inniúla ábhartha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile, a bheith rannpháirteach i dtarraingt suas na gcód iompair, lena n-áirítear gealltanais a leagan amach chun bearta sonracha maolaithe riosca a ghlacadh, chomh maith le gnáthchreat tuairiscithe maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí.

3.   Agus éifeacht á tabhairt do mhíreanna 1 agus 2, beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord, agus ag comhlachtaí eile i gcás inarb ábhartha, a áirithiú go leagtar a gcuspóirí sonracha amach go soiléir sna cóid iompair, go bhfuil príomhtháscairí feidhmíochta iontu le gnóthachtáil na gcuspóirí sin a thomhas agus go dtugtar aird chuí ar riachtanais agus leasanna na bpáirtithe leasmhara uile, agus go háirithe na saoránach, ar leibhéal an Aontais. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord a áirithiú go dtuairiscíonn rannpháirtithe go tráthrialta don Choimisiún agus dá gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faoi seach maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí, arna dtomhas in aghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta atá mar chuid díobh, freisin. Déanfar éagsúlachtaí méide agus acmhainneachta idir rannpháirtithe éagsúla a chur san áireamh i bpríomhtháscairí feidhmíochta agus i gceangaltais tuairiscithe.

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord measúnú ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na cóid iompair na haidhmeanna a shonraítear i míreanna 1 agus 3, agus déanfaidh siad faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar ghnóthachtáil a gcuspóirí, ag féachaint do na príomhtháscairí feidhmíochta a d’fhéadfadh a bheith iontu. Foilseoidh siad a gconclúidí.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord athbhreithniú agus oiriúnú rialta ar na cóid iompair a spreagadh agus a éascú.

I gcás mainneachtain chórasach na cóid iompair a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agus an Bord a iarraidh ar shínitheoirí na gcód iompair gníomhú mar is gá.

Airteagal 51

Cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   i gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le hiompar soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:

(a)

an chumhacht chun a cheangal ar na soláthraithe sin, agus ar aon duine eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta an Rialacháin seo, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil gan moill mhíchuí;

(b)

an chumhacht iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, nó iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát iniúchtaí ar an láthair a ordú, ar aon áitreabh a úsáideann na soláthraithe sin nó na daoine sin chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm, nó a iarraidh ar údaráis phoiblí eile é sin a dhéanamh, chun cóipeanna d’fhaisnéis maidir le sárú amhrasta in aon fhoirm, gan beann ar an modh stórála, a imscrúdú, a urghabháil, a thógáil nó a fháil;

(c)

an chumhacht chun iarraidh ar aon bhall foirne nó ar ionadaí na soláthraithe nó na ndaoine sin míniúcháin a thabhairt maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta agus na freagraí a thaifeadadh lena dtoiliú trí aon mhodh teicniúil.

2.   i gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:

(a)

an chumhacht chun glacadh leis na gealltanais a thairgeann na soláthraithe sin maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus na gealltanais sin a chur de cheangal orthu;

(b)

an chumhacht chun ordú a thabhairt sáruithe a scor agus, i gcás inarb iomchuí, leighis atá i gcomhréir leis an sárú agus is gá chun deireadh éifeachtach a chur leis an sárú a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát é sin a dhéanamh;

(c)

an chumhacht chun fíneálacha a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 i gcás ina mainnítear an Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear le haon cheann de na horduithe imscrúdaitheacha arna n-eisiúint de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

(d)

an chumhacht chun íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 chun a áirithiú go ndéantar an sárú a fhoirceannadh i gcomhréir le hordú arna eisiúint de bhun phointe (b) den fhomhír seo nó i gcásanna ina mainnítear na horduithe imscrúdaitheacha a eisíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

(e)

an chumhacht chun bearta eatramhacha a ghlacadh, nó chun iarraidh ar an údarás breithiúnach inniúil ina mBallstát é sin a dhéanamh, chun an riosca go ndéanfaí díobháil thromchúiseach a sheachaint.

A mhéid a bhaineann le pointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, beidh na cumhachtaí forfheidhmithe a leagtar amach sna pointí sin ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha freisin maidir leis na daoine eile dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mainnítear aon cheann de na horduithe arna n-eisiúint dóibh de bhun na míre sin a chomhlíonadh. Ní fheidhmeoidh siad na cumhachtaí forfheidhmithe sin ach amháin tar éis an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na horduithe sin, lena n-áirítear an tréimhse is infheidhme, na fíneálacha nó na híocaíochtaí tréimhsiúla a d’fhéadfaí a ghearradh orthu i gcás neamhchomhlíonta agus féidearthachtaí maidir le sásamh, a sholáthar do na daoine eile sin in am trátha.

3.   i gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, beidh an chumhacht ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, i gcás ina bhfuil gach cumhacht eile de bhun an Airteagail seo chun sárú a scor ídithe, agus nach bhfuil an sárú leigheasta fós nó ina bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus ina mbeidh sé ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí fheidhmiú cumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta:

(a)

a cheangal ar chomhlacht bainistíochta na soláthraithe sin, gan moill mhíchuí, scrúdú a dhéanamh ar an gcás, plean gníomhaíochta a ghlacadh agus a chur isteach ina leagtar amach na bearta is gá chun deireadh a chur leis an sárú, a áirithiú go ndéanann an soláthraí na bearta sin, agus tuairisciú ar na bearta a rinneadh;

(b)

i gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nár chomhlíon soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) go leordhóthanach, nach bhfuil an sárú leigheasta nó go bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach, agus go gcuimsítear cion coiriúil lena mbaineann bagairt do bheatha nó sábháilteacht daoine leis an sárú sin, féadfar iarraidh ar údarás breithiúnach inniúil a Bhallstáit ordú a thabhairt chun srian sealadach a chur ar rochtain fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann an sárú nó, sa chás amháin nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil, srian a chur ar chomhéadan ar líne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha ar a bhfuil an sárú á dhéanamh.

Iarrfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn sé ar iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 82, sula gcuirfidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo isteach, ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 2 sheachtain, ina mínítear na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus ag sainaithint an tseolaí nó na seolaithe beartaithe. Beidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe beartaithe agus aon tríú páirtí eile a léiríonn leas dlisteanach i dteideal a bheith rannpháirteach sna himeachtaí os comhair an údaráis bhreithiúnaigh inniúil. Beidh aon bheart a ordófar comhréireach le cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, gan a bheith ag cur isteach go míchuí ar rochtain na bhfaighteoirí ar fhaisnéis dhleathach maidir leis an tseirbhís lena mbaineann.

Beidh an srian ar rochtain i bhfeidhm go ceann tréimhse 4 seachtaine, faoi réir na féidearthachta don údarás breithiúnach inniúil, cead a thabhairt ina ordú don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha síneadh a chur leis an tréimhse sin le haghaidh tréimhsí breise den fhad céanna, faoi réir uasmhéid síntí a shocróidh an t-údarás breithiúnach sin. Ní chuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteach síneadh leis an tréimhse ach amháin i gcás ina measann sé, ag féachaint do chearta agus leasanna na bpáirtithe uile a ndéanfadh an srian sin difear dóibh agus do na himthosca uile, lena n-áirítear aon fhaisnéis a d’fhéadfadh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe agus aon tríú páirtí a léirigh leas dlisteanach a chur ar fáil dó, gur comhlíonadh an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

mhainnigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na bearta is gá a dhéanamh chun deireadh a chur leis an sárú;

(b)

ní chuireann an srian sealadach srian míchuí ar an rochtain atá ag faighteoirí na seirbhíse ar fhaisnéis dhleathach, ag féachaint don líon faighteoirí a ndéanfaidh sé difear dóibh agus cibé an bhfuil aon roghanna malartacha atá sásúil agus inrochtana go héasca ann.

I gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír ach nach féidir leis síneadh eile a chur leis an tréimhse de bhun an tríú fomhír, cuirfidh sé iarraidh nua isteach chuig an údarás breithiúnach inniúil, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b).

4.   Beidh na cumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 gan dochar do Roinn 3.

5.   Beidh na bearta a ghlacfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach, ag féachaint do, go háirithe, chineál, tromchúis, atarlú agus fad an neamhchomhlíonta nó an tsáraithe nó an tsáraithe amhrasta lena mbaineann na bearta sin, chomh maith le hacmhainneacht eacnamaíoch, theicniúil agus oibríochtúil sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann i gcás inarb ábhartha.

6.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha agus nósanna imeachta sonracha a leagan síos maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 agus áiritheoidh siad go bhfuil aon fheidhmiú de na cumhachtaí sin faoi réir coimircí leordhóthanacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir leis an gCairt agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Go háirithe, ní dhéanfar na bearta sin ach i gcomhréir leis an gceart maidir le hurraim a thabhairt don saol príobháideach agus do na cearta cosanta, lena n-áirítear an ceart chun éisteachta agus an ceart rochtana ar an gcomhad, agus beidh siad faoi réir cheart na bpáirtithe uile dá ndéantar difear chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil.

Airteagal 55

Tuarascálacha gníomhaíochta

1.   Tarraingeoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascálacha bliantúla suas ar a ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear líon na ngearán a fhaightear de bhun Airteagal 53 agus forléargas ar a gcuid oibre leanúnaí. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na tuarascálacha bliantúla ar fáil don phobal i bhformáid mheaisín-inléite, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht faisnéise de bhun Airteagal 84, agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún agus don Bhord iad.

2.   Áireofar faisnéis faoin méid seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil freisin:

(a)

líon agus ábhar na n-orduithe chun gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach agus orduithe chun faisnéis arna heisiúint ag aon údarás breithiúnach nó riaracháin de Bhallstát an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10 a sholáthar;

(b)

cur chun feidhme na n-orduithe sin, mar a cuireadh in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha de bhun Airteagail 9 agus 10.

3.   i gcás inar ainmnigh Ballstát roinnt údaráis inniúla de bhun Airteagal 49, áiritheoidh sé go dtarraingeoidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha tuarascáil amháin suas a chumhdaíonn gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil uile agus go bhfaigheann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an fhaisnéis agus an tacaíocht uile is gá chuige sin ó na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

ROINN 2

Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

Airteagal 56

Inniúlachtaí

1.   Beidh cumhachtaí eisiacha chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh aran Rialacháin seo ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lonnaithe, seachas na cumhachtaí dá bhforáiltear i míreanna 2, 3 agus 4.

2.   Beidh cumhachtaí eisiacha ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Roinn 5 de Chaibidil III.

3.   Beidh cumhachtaí ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an Rialachán seo, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III de, in aghaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne.

4.   i gcás nár thionscain an Coimisiún imeachtaí mar gheall ar an sárú céanna, beidh na cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lonnaithe maoirseacht a dhéanamh ar oibleagáidí faoin Rialacháin seo agus iad a fhorfheidmiú i leith na soláthraithe sin, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III.

5.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún maoirseacht ar fhorálacha an Rialacháin seo agus forfheidhmeoidh siad iad i ndlúthchomhar le chéile.

6.   i gcás soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht aige san Aontas, beidh cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil bunaithe nó ag an gCoimisiún, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, chun na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.

7.   i gcás ina dteipeann ar sholáthraí seirbhísí idirghabhálacha ionadaí dlíthiúil a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 13, beidh cumhachtaí ag gach Ballstát agus, i gcás soláthraí ardán an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne, ag an gCoimisiún maoirsiú agus forfheidhmiú a dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil sé i gceist ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile agus don Choimisiún agus áiritheoidh sé go n-urramófar na coimircí is infheidhme a thugtar faoin gCairt, go háirithe chun nach ngearrfar pionós i gcás an iompair chéanna níos mó ná aon uair amháin as sárú na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, cuirfidh sé an rún sin in iúl do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir. Tar éis dóibh fógra a fháil de bhun na míre seo, ní thionscnóidh Ballstáit eile imeachtaí maidir leis an sárú céanna leis an sárú dá dtagraítear san fhógra.

Airteagal 59

Tarchur chuig an gCoimisiún

1.   in éagmais teachtaireachta laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 58(5), i gcás nach n-aontaíonn an Bord leis an measúnú nó leis na bearta a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh de bhun Airteagal 58(5) nó sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 60(3), féadfaidh an Bord an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, agus an fhaisnéis ábhartha ar fad á soláthar. Áireofar leis an bhfaisnéis ar a laghad an iarraidh nó an moladh a seoladh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an measúnú ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin, na cúiseanna atá leis an easaontas agus aon fhaisnéis bhreise chun tacú leis an tarchur.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ábhar laistigh de 2 mhí tar éis tharchur an ábhair de bhun mhír 1, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta.

3.   i gcás ina measann an Coimisiún, de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nach leor an measúnú nó na bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh de bhun Airteagal 58(5) chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú nó nach bhfuil siad i gcomhréir ar bhealach eile leis an Rialachán seo, cuirfidh sé a thuairimí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Bhord agus iarrfaidh sé ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an t-ábhar a athbhreithniú.

Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta na bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairimí an Choimisiúin agus ar an iarraidh ar athbhreithniú ón gCoimisiún. Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iarrthach nó an Bord a rinne gníomhaíocht de bhun Airteagal 58(1) nó (2) ar an eolas faoi na bearta a rinneadh laistigh de 2 mhí ón iarraidh sin ar athbhreithniú.

Airteagal 63

Cúraimí an Bhoird

1.   i gcás inar gá chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 61(2) a chomhlíonadh, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

tacóidh sé le comhordú na n-imscrúduithe comhpháirteacha;

(b)

tacóidh sé leis na húdaráis inniúla anailís a dhéanamh ar thuarascálacha agus ar thorthaí iniúchtaí a dhéanann ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne a bheidh le tarchur de bhun an Rialacháin seo;

(c)

déanfaidh sé tuairimí, moltaí nó comhairle a eisiúint chuig Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus an tsaoirse chun seirbhísí na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a sholáthar á cur san áireamh go háirithe;

(d)

tabharfaidh sé comhairle don Choimisiún maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 66, agus glacfaidh sé tuairimí a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(e)

tacóidh sé le forbairt agus cur chun feidhme caighdeán, treoirlínte, tuarascálacha, teimpléad agus cód iompair Eorpach agus cuirfidh chun cinn iad i gcomhar le geallsealbhóirí ábhartha amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear trí thuairimí nó moltaí a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hAirteagal 44, mar aon le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint, i dtaca le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile nach leanann na tuairimí, iarrataí nó moltaí a dhírítear orthu agus ar ghlac an Bord iad cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear míniú ar na himscrúduithe, na gníomhaíochtaí agus na bearta atá curtha chun feidhme acu, agus iad ag tuairisciú de bhun an Rialacháin seo nó nuair a bhíonn a gcinntí ábhartha á nglacadh, de réir mar is iomchuí.

ROINN 4

Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

Airteagal 64

Saineolas agus cumais a fhorbairt

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, saineolas agus cumais an Aontais a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí phearsanra na mBallstát a fháil ar iasacht.

2.   ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, comhordú ar an measúnú ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais i dtaca le hardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, ar an mBord agus ar chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu tacú le measúnú ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais faoin Rialachán seo.

4.   Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún, go háirithe trína gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoi seach agus trí údaráis inniúla eile i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear trína gcuid saineolais agus cumas a chur ar fáil.

Airteagal 65

Oibleagáidí na soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne a fhorfheidhmiú

1.   Chun na gcríoch imscrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí imscrúdaithe a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú fiú sula dtionscnóidh sé imeachtaí de bhun Airteagal 66(2). Féadfaidh sé na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar a thionscnamh féin nó tar éis dó iarraidh a fháil de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

2.   i gcás ina mbeidh cúis ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bheith in amhras gur sháraigh soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne forálacha Roinn 5 de Chaibidil III nó gur sháraigh sé go sistéamach aon cheann d’fhorálacha an Rialacháin seo ar bhealach a dhéanann difear mór d’fhaighteoirí na seirbhíse ina Bhallstát, féadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, chun an t-ábhar a mheasúnú.

3.   Tabharfar réasúnú cuí le hiarraidh de bhun mhír 2 agus sonrófar ann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 11;

(b)

tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh amhrasach gur sháraigh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne an Rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar na fíorais a léiríonn gur de chineál córasach é an sárú amhrasta;

(c)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.

Airteagal 66

Imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún agus comhar maidir le himscrúdú a dhéanamh

1.   Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh d’fhonn na cinntí a d’fhéadfaí a ghlacadh de bhun Airteagail 73 agus 74 i leith iompar ábhartha sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne a bhfuil amhras ar an gCoimisiún gur sháraigh sé aon cheann de na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   i gcás ina gcinneann an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra do gach duine de na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Bhord tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, agus do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann.

Déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, gan aon mhoill mhíchuí tar éis iad a bheith curtha ar an eolas faoi thionscnamh na n-imeachtaí, aon fhaisnéis atá acu faoin sárú atá i gceist a tharchur chuig an gCoimisiún.

Agus imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfar a chumhachtaí chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh faoin Rialachán seo de bhun Airteagal 56(4) a bhaint den Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, nó d’aon údarás inniúil i gcás inarb infheidhme.

3.   Agus a chuid cumhachtaí imscrúdaithe faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú aige, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht aonair nó tacaíocht chomhpháirteach a iarraidh ar aon Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann an sárú amhrasta, lena n-áirítear an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Oibreoidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a fuair iarraidh den sórt sin agus, i gcás inar thug an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha páirt dóibh, aon údaráis inniúla eile, i gcomhar go dílis agus go tráthúil leis an gCoimisiún agus beidh siad i dteideal a gcumhachtaí imscrúdaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 51(1) a fheidhmiú i dtaca le soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne atá i gceist, maidir le faisnéis, daoine agus áitribh atá suite laistigh de chríoch a mBallstáit agus i gcomhréir leis an iarraidh.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha ar fad ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Bhord faoi fheidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 67 go 72 chomh maith lena réamhthorthaí dá dtagraítear in Airteagal 79(1). Cuirfidh an Bord a thuairimí ar na réamhthorthaí sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thréimhse a leagfar síos de bhun Airteagal 79(2). Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar aon thuairimí ón mBord sa chinneadh uaidh.

Airteagal 67

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, éileamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, a ngnó, a gceird nó a ngairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta.

2.   Le linn iarraidh shimplí ar fhaisnéis a sheoladh chuig soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó chuig an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.

3.   i gcás ina gceanglaíonn an Coimisiún ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis a sholáthar trí chinneadh, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 agus sonróidh nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 76. Sonróidh sé freisin an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Cuirfidh soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh orthu de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile gach faisnéis is gá don Choimisiún chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a dhéanamh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, tar éis dó an iarraidh shimplí nó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheoladh, cóip de a sheoladh chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85.

Airteagal 69

Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh

1.   Chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún na hiniúchtaí uile is gá a dhéanamh ag áitreabh sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

2.   Tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine tionlacain eile a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh agus in aon chóir iompair de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó de chuid an duine eile lena mbaineann;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann, is cuma cén meán ina stóráiltear iad;

(c)

cóipeanna de na leabhair sin nó taifid eile nó sleachta astu a thógáil nó a fháil in aon fhoirm;

(d)

ceangal a chur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar an duine eile lena mbaineann rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a chleachtais láimhseála sonraí agus a chleachtais ghnó agus na mínithe a tugadh a thaifeadadh nó a dhoiciméadú;

(e)

aon áitreabh a úsáidtear chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceardaíocht nó gairm de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó de chuid an duine eile lena mbaineann, chomh maith le leabhair nó taifid eile, a shéalú ar feadh na tréimhse agus a mhéid is gá don chigireacht;

(f)

a iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh;

(g)

ceisteanna a chur ar aon ionadaí den chineál sin nó ar aon bhall foirne a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh.

3.   Féadfar cigireachtaí a dhéanamh le cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 72(2), agus ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis náisiúnta inniúla eile de chuid an Bhallstáit a ndéanfar an chigireacht ar a chríoch.

4.   i gcás nach soláthrófar ina n-iomláine na leabhair nó na taifid eile a éilítear a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna arna gcur faoi mhír 2 den Airteagal seo mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, déanfaidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76. In am trátha roimh an gcigireacht, déanfaidh an Coimisiún Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ina chríoch a chur ar an eolas faoi.

5.   Le linn cigireachtaí, féadfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún, na hiniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún, an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis inniúla eile an Bhallstáit a ndéantar an chigireacht ina chríoch, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a láimhseáil sonraí agus a iompar gnó agus féadfaidh sé ceisteanna a dhíriú ar a phríomhphearsanra.

6   Ceanglaítear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann géilleadh do chigireacht arna hordú trí chinneadh an Choimisiúin. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, sonrófar ann an dáta a mbeidh an t-iniúchadh le tosú agus taispeánfar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch sula ndéanfaidh sé an cinneadh sin.

7.   Déanfaidh oifigigh Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, chomh maith le daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh aige, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó don Choimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún maidir leis an gcigireacht. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí acu a liostaítear i mír 2.

8.   i gcás ina suífidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún go bhfuil soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Ballstát a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, arna iarraidh sin do na hoifigigh nó na daoine tionlacain eile sin agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit, an cúnamh is gá a thabhairt dóibh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí faoin dlí náisiúnta sin, i bhfoirm bearta comhéigneacha arna nglacadh ag an údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí, chun gur féidir leo an chigireacht a dhéanamh.

9.   Más gá údarú a fháil le haghaidh an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 8 ó údarás breithiúnach náisiúnta i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit sin iarratas ar an údarú sin arna iarraidh sin do na hoifigigh agus daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10.   i gcás ina ndéantar iarratas ar an údarú dá dtagraítear i mír 9, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, a bhfuil cás tugtha os a chomhair, go bhfuil an cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear an chigireacht barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus fíorú den sórt sin á dhéanamh aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe, maidir leis na forais atá ag gCoimisiún drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, agus ar a thromchúisí atá an sárú amhrasta agus ar an mbaint a bhí ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne, soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann leis. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, áfach, amhras a tharraingt ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní fhéadfaidh sé faisnéis atá i gcáschomhad an Choimisiúin a éileamh. Ní bheidh dlíthiúlacht an chinnidh ón gCoimisiún faoi réir a athbhreithnithe ach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 70

Bearta eatramhacha

1.   i gcomhthéacs imeachtaí as a bhféadfaí cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh de bhun Airteagal 73(1) a ghlacadh dá mbarr, i gcás ina bhfuil práinn ann mar gheall ar an riosca go ndéanfaí damáiste tromchúiseach d’fhaighteoirí na seirbhíse, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, bearta eatramhacha a ordú in aghaidh sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ar bhonn cinneadh prima facie go ndearnadh sárú.

2.   Beidh feidhm ag cinneadh faoi mhír 1 ar feadh tréimhse shonraithe agus féadfar an tréimhse sin a athnuachan a mhéid atá sé riachtanach agus iomchuí.

Airteagal 71

Gealltanais

1.   Má tharlaíonn sé, le linn imeachtaí faoin Roinn seo, go dtairgeann soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann gealltanais go ndéanfaidh sé comhlíonadh fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún na gealltanais sin a chur ina gceangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann trí chinneadh agus dearbhú nach bhfuil aon fhorais eile ann i gcomhair gníomhaíochta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí a athoscailt sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil athrú ábhartha ar aon cheann de na fíorais ar ar bunaíodh an cinneadh;

(b)

i gcás ina ngníomhaíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ar neamhréir lena ghealltanais; nó

(c)

i gcás ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach arna soláthar ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ag duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

3.   i gcás ina measann an Coimisiún nach féidir leis na gealltanais a thairg soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann comhlíonadh éifeachtach fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, diúltóidh sé do na gealltanais sin i gcinneadh réasúnaithe le linn dó na himeachtaí a thabhairt chun críche.

Airteagal 73

Neamhchomhlíonadh

1.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh i gcás ina measann sé nach gcomhlíonann soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

forálacha ábhartha an Rialacháin seo;

(b)

bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 70;

(c)

gealltanais arna ndéanamh ceangailteach de bhun Airteagal 71.

2.   Cuirfidh an Coimisiún a réamhthorthaí in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 1. Míneoidh an Coimisiún na bearta a mheasann sé a ghlacfaidh sé, nó a mheasann sé ar cheart do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann iad a ghlacadh, chun dul i ngleic go héifeachtach leis na réamhthorthaí.

3.   Sa chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1, ordóidh an Coimisiún do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an chinnidh de bhun mhír 1 a áirithiú laistigh de thréimhse réasúnta a shonrófar ann agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis na bearta atá i gceist ag an soláthraí a dhéanamh chun an cinneadh a chomhlíonadh.

4.   Déanfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann tuairisc a chur ar fáil don Choimisiún ar na bearta a rinne sé chun comhlíonadh an chinnidh de bhun mhír 1 a áirithiú, ar tuairisc í a chuirfidh sé ar fáil an tráth a chuirfear na bearta sin chun feidhme.

5.   i gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil coinníollacha mhír 1 comhlíonta, cuirfidh sé deireadh leis an imscrúdú trí chinneadh. Beidh feidhm ag an gcinneadh le héifeacht láithreach.

Airteagal 76

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, lena bhforchuirfear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), de réir mar is infheidhme, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánioncaim laethúil nó den mheánláimhdeachas bliantúil ar fud an domhain, arna ríomh ón dáta arna cheapadh leis an gcinneadh, chun iallach a chur orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis cheart agus iomlán a chur ar fáil mar fhreagra ar chinneadh ina dteastaíonn faisnéis de bhun Airteagal 67;

(b)

géilleadh do chigireacht atá ordaithe aige le cinneadh de bhun Airteagal 69;

(c)

cinneadh lena n-ordaítear dó bearta eatramhacha a ghlacadh de bhun Airteagal 70(1) a chomhlíonadh;

(d)

gealltanais a rinneadh ceangailteach le cinneadh de bhun Airteagal 71(1) a chomhlíonadh;

(e)

cinneadh a chomhlíonadh de bhun Airteagal 73(1), lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais a bheidh ann i ndáil leis an bplean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 75.

2.   i gcás ina bhfuil an oibleagáid atá le forfheidhmiú tríd an íocaíocht phionósach thréimhsiúil comhlíonta ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), féadfaidh an Coimisiún méid cinntitheach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a shocrú ag figiúr atá níos ísle ná an méid a bheadh ann faoin gcinneadh bunaidh.

Airteagal 82

Iarrataí ar shrianta ar rochtain agus comhar le cúirteanna náisiúnta

1.   i gcás ina bhfuiltear tar éis leas a bhaint as gach cumhacht de bhun na Roinne seo chun stop a chur le sárú ar an Rialachán seo ach go leanann an sárú ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí chumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann gníomhú de bhun Airteagal 51(3).

Sula ndéanfaidh sé iarraidh den sórt sin ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, iarrfaidh an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 14 lá oibre agus míneoidh sé na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus aithneoidh sé an duine nó na daoine ar a mbeidh siad dírithe.

2.   i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le haghaidh chur i bhfeidhm comhleanúnach an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis bhreithiúnaigh inniúil dá dtagraítear in Airteagal 51(3). Féadfaidh sé barúlacha ó bhéal a dhéanamh freisin le cead ón údarás breithiúnach atá i gceist.

Díreach chun na críche a chuid barúlacha a ullmhú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an údarás breithiúnach sin aon doiciméid atá riachtanach le haghaidh mheasúnú an cháis a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

3.   i gcás ina dtabharfaidh cúirt náisiúnta breithiúnas maidir le hábhar atá ina ábhar cheana féin do chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoin Rialachán seo, ní ghlacfaidh an chúirt náisiúnta sin aon chinneadh a bheidh ar neamhréir leis an gcinneadh sin ón gCoimisiúin. Seachnóidh na cúirteanna náisiúnta cinntí a d’fhéadfadh a bheithe ar neamhréir le cinneadh atá á mheas ag an gCoimisiún in imeachtaí atá tionscanta aige faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh cúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a cuid imeachtaí. Ní dochar é sin d’Airteagal 267 CFAE.

Airteagal 87

An tarmligean a fheidhmiú

1.   is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a thabhairt don Choimisiún go ceann 5 bliana ón 16 Samhain 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 88

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (“an Coiste Seirbhísí Digiteacha”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   i gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 91

Athbhreithniú

1.   Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar fhorbairt agus fás eacnamaíoch fiontar beag agus meánmhéide.

Faoin 17 Samhain 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar na nithe seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagal 33, lena n-áirítear raon feidhme na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a chumhdaítear leis na hoibleagáidí a leagtar amach i Roinn 5 de Chaibidil III den Rialachán seo;

(b)

an bealach ina idirghníomhaíonn an Rialachán seo le gníomhartha dlí eile, go háirithe na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus (4).

2.   Faoin 17 Samhain 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

Díreofar ar an méid seo go háirithe sa tuarascáil:

(a)

cur i bhfeidhm mhír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b);

(b)

rannchuidiú an Rialacháin seo le doimhniú agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha, go háirithe maidir le soláthar trasteorann seirbhísí digiteacha;

(c)

cur i bhfeidhm Airteagail 13, 16, 20, 21, 45 agus 46;

(d)

raon feidhme na n-oibleagáidí ar fhiontair bheaga agus ar mhicrifhiontair;

(e)

éifeachtacht na sásraí maoirseachta agus forfheidhmithe;

(f)

an tionchar ar urramú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

3.   i gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, meastóireacht freisin ar na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a chuirtear ar fáil don Choimisiún agus don Bhord de bhun Airteagal 55(1) agus tabharfaidh sé tuairisc orthu.

5.   Chun críocha mhír 2, seolfaidh na Ballstáit agus an Bord faisnéis ar iarraidh ón gCoimisiún.

6.   Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh, agus tabharfaidh sé aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar sheasamh iomaitheoirí nua.

7.   Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar fheidhmiú an Bhoird agus ar chur i bhfeidhm Airteagal 43, agus cuirfidh sé tuarascáil faoin measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na céad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin á gcur san áireamh. Ar bhonn na dtorthaí agus aird á tabhairt ar thuairim an Bhoird, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an Bhoird.


whereas









keyboard_arrow_down